Bhí slua mór daoine, cuid mhaith acu a tháinig ó Bhaile Átha Cliath agus ó Dhoire agus ó áiteanna eile, taobh amuigh de Chúirteanna Cois Lagáin i mBéal Feirste ar maidin ag léiriú a gcuid tacaíochta le Naonúr Raytheon a bhí os comhar na cúirte arís inniu.
Bhí líon maith den lucht frithchogaidh taobh amuigh den chúirt inniu, ag maíomh nach coir é bac a chur ar choir cogaidh. Labhair Eamonn McCann, duine den naonúr, labhair sé faoin triail agus an gá le tacaíocht a thaispeáint - chan amháin don naonúr ach do na pobail éagsúla ar fud na cruinne (agus sa Domhan Arabach go háirithe) a fhulaingíonn mar gheall ar na hairm a dhéanann Raytheon.
Labhair Colm Bryce, duine eile de Naonúr Raytheon, agus luaigh sé go raibh George Bush - an coirpeach cogaidh is mó ar domhan - le teacht go Béal Feirste ag tús mhí Meithimh agus go raibh dualgas orainn ar fad cinntiú nach bhfuil fáilte roimh a lethéid de dhuine i mBéal Feirste, dúirt sé agus go mbeadh Naonúr Raytheon ar chéad líntí na hagóide ina éadan (más rud é nach mbeidh siad ina n-aoi ag an stát faoin am sin).
Agus daoine ag dul isteach sa chúirt le tacaíocht a léiriú agus an triail ar bun, léadh amach liosta de na grúpaí i gcóngar agus i gcéin a sheasann i ndlúthpháirtíocht le héacht an Naonúir - grúpaí ón Airgintín agus ón Nua-Shéalainn ina measc.